
An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire
Biddy Jenkinson
About the Book | |||
Dhein an tAthair Pádraig Ó Duinnín gaisce agus dfhág réim agus doimhneacht a shaothair pobal na Gaeilge faoina chomaoin. Foilsíodh an chéad eagrán dá Fhochlóir sa bhliain 1904 agus chuir sé go mór leis in eagrán 1927. San eagrán nua san, luaigh séMoreDhein an tAthair Pádraig Ó Duinnín gaisce agus dfhág réim agus doimhneacht a shaothair pobal na Gaeilge faoina chomaoin. Foilsíodh an chéad eagrán dá Fhochlóir sa bhliain 1904 agus chuir sé go mór leis in eagrán 1927. San eagrán nua san, luaigh sé ciall thánaisteach le scéal fiannaidheachta - a cock and bull story. Dá réir sin, bfhéidir go dtabharfadh an Duinníneach féin scéalta fiannaidheachta ar scéalta an chnuasaigh seo. Ach, cá bhfios? Dhein Biddy Jenkinson spraoi leis an bhfírinne nuair a mhúnlaigh sí na heachtraí anseo. Chuir Ríbó, a dheilbhigh na léaráidí, leis an spraoi sin. Bheidís beirt ag súil go maithfeadh an Duinníneach dóibh é, ón uair gur dóigh leo go raibh siad ar thóir taibhse a bhfuil cónaí air s bhFoclóir.Is cinnte go maithfidh léitheoirí na haoise seo dóibh mar go dtaitneoidh an leabhar go mór leo siúd a bhaineann sult as greann mín, agus as rémheilt agus spíonadh na faisnéise. | |||